Saturday, October 17, 2009

Gonta!

Ghearr mé mo lámh ar maidin. De thimpiste, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí.

Bhí an scian crosta go maith nuair a tharla sé, í ag troid leis an gcóilis a bhí á gearradh agam don dinnéar, ach thit sí amach liomsa ansin. An scian, chan an chóilis. Tá an chóilis mór liom fós.

Cibé scéal é, chuir an dochtúir lách slacht sealadach ar mo lámh bhocht, ach níl cead agam í a úsáid, mar go bhfuil damáiste déanta de na néaróga, agus caithfear sos a thabhairt di.

Tá sí ag screadach le pian anseo le mo thaobh, agus tá sí faoi bhrón, freisin, mar nach bhfuil cead aici clóscríobh leis an lámh eile.

Ar fhaitíos go gcothóinn aon éad eatarthu mar lámha, agus ó tharla go bhfuil sé deacair agam clóscríobh go haonlámhach, mar atá á dhéanamh agam anois díreach, ní bheidh mé libh go dtí go bhfaighidh mé cead arís ón dochtúir, nó ón lámh ghonta.

Ná bígí uaigneach i m’uireasa.
.

8 comments:

  1. An lámh bocht!

    Alt fri alt ocus féith fri féith ... agus néaróg le néaróg! Agus chneasigh an lámh agus bhí sí chomh maith agus a bhí sí riamh i gceann naoi lá. Go raibh cneasú do láimhe féin níos luaithe fós!

    ReplyDelete
  2. Beimid! Ach ní shin is tábhachtaí ach go dtiocfaidh biseach ar do lámh.

    ReplyDelete
  3. Aimeáin! Go raibh scil Dían Cécht ag do lia!

    ReplyDelete
  4. Go leigheastar do lámh agus nár lagaítear í!

    ReplyDelete
  5. Agus dála an Sonny-Knowles-scéil, bhí scéal grinn againn sa scoil le linn ré na gcéirníní:

    Oíche amháin tá fear ag dul a bhealaigh i lána dorcha i mBaile Átha Cliath nuair a thagann ógánach ina leith agus cochall ar a chloigeann, gunna i láimh amháin agus dhá cheirníní sa láimh eile aige.

    "Ceannaigh ceann de na ceirníní seo nó lámhachfaidh mé thú!" arsa an t-ógánach go borb agus díríonn sé an gunna ar an bhfear.

    "OK, OK!" arsa an fear agus é ar ballchrith, "ceannóidh mé ceann de na ceirníní."

    "Feicim gur fear ciallmhar thú," arsa an t-ógánach agus é i gcónaí ag díriú an gunna ar an bhfear. "Best of Sonny Knowles I nó Best of Sonny Knowles II: cad é do rogha?"

    "Scaoil!" arsa an fear.

    ReplyDelete
  6. Súil agan nach fada go mbeidh tú ar ais ar do sheanléim arís, a Áine!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.