Sunday, October 11, 2009

Duais agus Dearcadh

B’fhéidir go bhfuilim rud beag soineanta, agus go bhfuilim dall ar na rudaí a fheiceann daoine eile, ach táim beagán trína chéile ag an dearcadh atá á chloisteáil agus á léamh agam faoin duais Nobel a bhain an tUachtarán Obama le déanaí.

Anois, tuigim go rómhaith go mbíonn dearcadh éagsúil ag daoine éagsúla nach roinneann, b’fhéidir, na tuairimí polaitiúla céanna leis an Uachtarán, ach ní duais pholaitiúil atá ann, an ea? Shíl mé féin, go dtí an tseachtain seo, nach raibh baint ná páirt ag an duais leis an bpolaitíocht, ach tá amhras orm anois nach raibh orm roimhe seo.

Bhí mé ag éisteacht leis an Marion Finucane Show ar maidin agus chuir an méid a dúradh ar an gclár le méid m’eolais, cé nár chuir sé le mo thuiscint. Chuala mé duine amháin a rá, go ciniciúil shíl mé, go bhfuair Obama an duais ‘in the faint hope’ go n-éireoidh leis an Uachtarán toradh éigin a fháil i dtaobh na síochána.

Dúirt duine eile go raibh sé rud beag cosúil le ‘cashing the cheque before getting the goods’, sórt ‘reaction to the Bush administration’, mar a bheadh, a dúirt sé, ‘you’d better deliver’ á rá ag an gcoiste a bhronn an duais. Dúirt duine eile gur ‘clever move’ a bhí ann, a thug ‘huge hope’, agus dúirt bean eile gur bronnadh ‘aspirational’ a bhí ann.

Bhí an tUachtarán é féin ‘surprised and humbled’ nuair a chuala sé an scéal, más fíor, agus maíonn Mairead Corrigan Maguire, dar leis an alt céanna, go raibh bronnadh na duaise ar an Uachtarán ‘very sad’.

Anois, b’fhéidir go bhfuilim soineanta, ach feictear domsa go bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Uachtarán Obama síocháin a chothú agus ceapaim, bíodh mé ceart nó mícheart, gur bronnadh an duais air ar an mbonn sin. An n-éireoidh leis? Cá bhfios dúinn. An fiú a iarracht?

Dar le Mairead Corrigan Maguire, “President Obama has yet to prove that he will move seriously on the Middle East, that he will end the war in Afghanistan and many other issues,” - an féidir teorainn ama a chur le próiseas na síochána?

Ní fheicim é mar rud atá ‘pro-Obama’ ná ‘anti-Bush’, ach mar dhuais a bronnadh ar mhaithe le hiarracht atá beo agus leanúnach, feictear dom. Dar leis féin ‘this award must be shared with everyone who strives for justice and dignity’.

An bhfuil sé foirfe mar dhuine? Cé againn atá foirfe? Tá go leor le déanamh ag an Uachtarán Obama sa phróiseas, cinnte, ach cé eile, i láthair na huaire, atá á dhéanamh leis an díograis chéanna, leis an dóchas céanna?

Is fada cam an bóthar atá roimhe, agus déanfaidh sé botúin, mar aon linn uile inár saol. Nár laga Cé a thuras, ná turas aon duine eile atá sásta iarracht a dhéanamh ar mhaithe le maitheas.

Síocháin libh, a chairde.
.

2 comments:

  1. Shilim gur saghas árachas a bhi ann ionas go ndéanfaidh sé iarracht síocháin a bhaint amach.Ach beidh díoma ar Bill Clinton nár bhuaigh an dúis taréis a iarrachtaí i dTuaiscert Éirinn.

    ReplyDelete
  2. Ach, tá iarracht á dhéanamh aige, a John M, sílim féin, ón méid atá léite agam go dtí seo. Ar ndóigh, b'fhéidir go bhfuilim soineanta, agus gur trí shúile an tsoirbhígh atáim ag breathnú.

    Maidir le Bill bocht, b'fhéidir go bhfuil níos mó ná píosa staire amháin i gceist, deacair a rá...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.