Monday, September 7, 2009

Fáth na Fóibe

Aithníonn daoine an rud sin, faitíos, nuair a bhuaileann siad leis. Tuigeann siad ar an bpointe go bhfuil faitíos orthu mar go n-airíonn siad é - croí ag preabadh, anáil ag tapú, smaointe ag réabadh…

Agus thuigfeá sin, dá mbeadh faitíos ort – an torann sin thíos staighre agus tú sa teach leat féin, madra nó tarbh fíochmhar i do dhiaidh, duine do leanúint agus tú leat féin ar an mbealach dorcha abhaile, an glaoch gutháin sin a dhúisíonn duine de phreab i lár na hoíche...

Ach cén fáth an faitíos neamhréasúnach, na fóibí sin? Agus tá go leor acu ann. Ina measc tá aracnafóibe/uamhan damhán alla, agrafóibe/uamhan sráide, hidreafóibe/uamhan uisce, clástrafóibe/uamhan clóis, mar shampla.

It is believed that heredity, genetics, and brain chemistry combined with life-experiences play a major role.’ dar le Wikipedia. Sea, na géinte sin arís.

Mar sin féin, cén fáth sa sioc a mbeadh faitíos ar dhuine roimh bhananaí (bananaphobia) nó roimh an dea-scéal a chloisteáil (euphobia)? Thuigfeá, b’fhéidir, an ephebiphobia (bheith i bhfaitíos faoi dhéagóirí), an gamophobia (pósadh), nó an gymnophobia (lomnochtacht) mar shampla, ach cén chaoi a maireann an duine le logophobia (focail)! Ní bheidh siad ag léamh an bhlag seo, is dócha.

Cibé scéal é, nílim in ann a theacht ar an ainm cuí don fhóibe atá agam féin, cé nach bhfuilim iomlán cinnte gur fóibe atá ann ar chor ar bith, an dtuigeann sibh. Sórt míchompord a tharlaíonn ionam nuair a bhím timpeall ar bháid nach bhfuil ag bogadh; iad ceangailte go deas, b’fhéidir, taobh an chladaigh, nó ag an gcé, abair.

Ní chuireann sé isteach ná amach orm bheith istigh i mbád, ná bheith ag seoladh i mbád, ach is rud é a tharlaíonn dom agus mé timpeall ar bháid nach bhfuil ag bogadh; an míshuaimhneas sin ionam níos measa arís má bhíonn an taoide amuigh, agus gan aon uisce timpeall ar an mbád ar chor ar bith, nó má bhíonn an bád le feiceáil agam agus é líonta le huisce, nó faoin uisce fiú, mar a fheictear seanbháid scriosta go minic.

Moillíonn m’anáil rud beag nuair a fheicim iad, agus airím faoiseamh ar an bpointe iad imithe as mo radharc. Ní hé nach féidir liom a bheith in aice leo, ach b’fhearr gan a bheith in aice leo, má thuigeann sibh libh mé. Níl ciall ná réasún leis, ar ndóigh, ach sin mar atá.

Anois, céard sa diabhal a tharla riamh i mo shaol, nach eol dom, nó i saol an té a chuir na géinte faiteacha sin ar aghaidh chugam, nach eol dom, le go mbeadh a leithéid ag tarlú, meas tú? Nó, an é gur tharla sé am éigin eile, ‘the survival of the personality after death’ mar a thug Ian Stevenson air?
.

6 comments:

  1. An-suimiúil ar fad! Uaireanta, bím féin míchompórdach dá bhféachfainn isteach i gcupán tae!? Dúirt duine éigin liom b'fhéidir go bhfuil mé ag cuimhniú ar m'am breithe. Níl fhios agam.

    ReplyDelete
  2. Tá comhluadar agat, a chara - féach http://www.saviodsilva.com/fear/fear-tea.htm

    ReplyDelete
  3. Ceann nach bhfaca mé roimhe, ach tuigim duit. Tá bád agam sa bhaile, bhfuil a stiúr briste air. Bhí sé ina luí ar thalamh tirim le tamall agus thosaigh sé ag cur isteach go mór orm.
    Seans go mbaineann sé le rud nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart. Rud álainn uasal atá díomhaoin.

    ReplyDelete
  4. Níor rith an smaoineamh sin liom ach, caithfidh mé a admháil, gur smaoineamh iontach suimiúil atá ann, a Phroinsias. Cá bhfios dúinn ach b'fhéidir go bhfuil an ceart agat, a chara.

    ReplyDelete
  5. Scríobh mé dán faoin bhád ina luí ansin díomhaoin. Cuirfidh mé suas ar mo bhlag féin é. B'fhéidir gurbh iad na mothúcháin chéanna a bhí againn beirt.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.