Wednesday, September 9, 2009

As baile

Faoin am seo amárach, beidh mé i Madrid na Spáinne, agus táim ag tnúth go mór leis. Ní raibh mé riamh ann, ná riamh sa Spáinn fiú.

Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn arís, más é bhur dtoil é. Idir an dá linn, ná bígí uaigneach i m’uireasa.
.

12 comments:

  1. Go n-éirí leat... díreach nuair atá biseach ag teacht ar an aimsir anseo. Sin an saol!

    ReplyDelete
  2. Tá súil agam go mbeidh am ar doigh agat.Bhí mise i mBarcelona cúpla bhliain ó thoin agus bhaineas an-taithneamh as.Nód ón eolach nuair a bhionn tú sa Spainn go mor mor i gceanntar turasóireachta cosúil le Maidrid fainic tú féin ar piocaire póca go mor mor ar traen no bus ón aerphort go dtí d`ostán mar bhionn siad ag faire ar turasóirí.Go n-éirí leat.

    ReplyDelete
  3. ¡Adios y Hasta Lluego!

    Bain sult as, agus blais go fial de na tapas!

    ReplyDelete
  4. Súil agam nach bhfuil sé ródhéanach 'go n-éirí leat a rá'. Aon seans gur chuala tú RnG ar maidin agus tú ag pacáil? Foclóir nua Spáinnise agus Gaeilge le seoladh. Buena suerte!

    ReplyDelete
  5. Cheannaigh mé ag an deireadh seachtaine é, cion is go bhfaca me i bhfuinneog HF é.

    Réamhránna spéisiúla i nGaeilge & Spainnís, ach níl ann ach treo amháin go dtí seo.
    Tá an treo eile ar na bacáin

    ReplyDelete
  6. @ Aonghus

    Cén treo? G-S nó S-G? An bfhuil níos mó ná liosta focal ann?

    ReplyDelete
  7. Gaeilge go Spáinnis (Níor chuimhin liom tráthnóna)

    Tá roinnt eolas gramadaí ann, na réamhráití agus foclóir le 19000+ ceannfhocal.

    Tógann an iontráil "éirigh" thart ar 11 líne suas. (Sin mo litmus test d'fhoclóir - an pléitear go maith le éirigh!)

    ReplyDelete
  8. Bain triail as bocadillo con queso y café con leche.

    Saoire shona!

    ReplyDelete
  9. Ag scriobh seo o lar Madrid agus gan sineadh fada ar an riomhaire anseo!

    Taim in oifig mo chara ar Calle de Esparteros agus nior mhaith liom gan nota a chur chugaibh as Gaeilge agus me i lar na Spainne.

    Beidh me ar ais libh gan mhoill. Espero que no os sintais muy solos sin mi. Ta mo chara ag aistriu dom!!!!!!

    ReplyDelete
  10. Seomraí Goya is fearr liom sa Prado, na mná caointe sin le Picasso thart ar Guernica sa Reina Sofia agus ceann álainn de dhaimseoirí (cé nach lucht céaparála) le Degas sa Thyssen. B'fhiú bheith beagán bodhar i Madrid uaireanta ach b'uafásach an rud a bheith dall ann.

    ReplyDelete
  11. Bhí mé sa Prado! Chonaic mé áilleacht na háite, agus chuala mé an gleo, a Dheabhail, cé nár thug mé é faoi deara agus mé ag siúl thart – iomarca le feiceáil agus m’aird dírithe ar na radhairc uile.

    Ní raibh a fhios agam faoin bhfoclóir sin, a Chailliomachais, ach beidh mé a cheannach.

    Ormondo, bhí cáis agus caife go leor agam ann, agus fíon freisin!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.