Wednesday, June 3, 2009

Cuibhreann na gCaogaidí

Tá bliain eile curtha díom agam i gCuibhreann na gCaogaidí, nó, ag brath ar do dhearcadh, bliain úr eile ag tosú. Is maith liom an tráth ina bhfuilim anois. Fiú le mo chroí fós ag cneasú ó bhás tobann tubaisteach mo dheirféar áille, tá an cuibhreann seo torthúil, agus táim ag treabhadh liom.

Ó tháinig mo pháistí ar an saol, is orthu siúd a dhírigh mé m’aire den chuid is mó, aird nach beag á tabhairt agam ar an nGarraíodóir freisin, ar ndóigh, ó am go chéile. Ach, ba iad na páistí an chloch ba mhó ar mo phaidrín le beagnach ocht mbliana is fiche. Sin rogha a rinne mé agus chloígh mé leis, gan mórán airde agam ar mo mhianta eile, agus níl cathú ar bith orm go ndearna mé é sin. Feictear dom go bhfuil an triúr acu fréamhaithe go maith ina gcuibhrinn féin, bail ó Ché agus óna dtuismitheoirí orthu.

Inniu, agus mé i mo shuí ag mo ríomhaire ag scríobh liom, agus ag déanamh mo mhachnaimh orm féin, tá ábhar machnaimh eile ag fanacht le m’aire agus le m’airde. Tá cíor thuathail an tsaoil á chogaint agam, agus beidh mé ag roinnt na dtorthaí libh, anois is arís. Sin mo mhian. Ceann acu.
.

2 comments:

  1. Meabhraíonn sé seo an tsean scéal grinn dom faoin sagart, an ministéir agus an raibí ag plé cathain a thosnaíonn an beatha.

    Nuair a gintear é, cinnte, arsa an sagart.
    Nuair a bheirtear é, arsa an ministéir.
    Tá breall oraibh araon, arsa an raibí. Ní thosnaíonn an bheatha go dtí go bhfágann na gasúr an teach!

    Lean ort a machnamh ós ard, a bhullaí mhnaoi!

    ReplyDelete
  2. Fíorscéal ansin uait, a Aonghuis!

    Ag machnamh liom anseo...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.