Wednesday, May 20, 2009

Oifig Turasóireachta

Cé go bhfuilim gnóthach, níl an saol ag dul ar aghaidh i ngan fhios dom. Chuala mé Caroline as Comhar Chuigéal ar Raidió na Gaeltachta inné agus í ag caint faoin Oifig Turasóireachta a bheas ag oscailt i gCasla ag tús na míosa seo chugainn.

Cuireann sé áthas an domhain orm an scéal seo a chloisteáil. Is cuimhin liom, agus mé i m’óige i gConamara, an grá domhain a bhí ag m’athair don cheantar, cé gurbh as Maigh Eo dó féin. Dúirt sé liom uair “This place is so beautiful, and has so much to offer.”. Bhí an ceart aige. Agus nach é a bheadh ríméadach, dá mbeadh sé beo anois, an cur chun cinn seo a fheiceáil ag dul ar aghaidh san áit ar chaith sé formhór a shaol pósta.

Comhghairdeas le Caroline Uí Ráinne agus na “mná” sin uile atá ag obair chomh dian sin ar na tograí uilig i gConamara, agus maith sibh Údarás na Gaeltachta as an tacaíocht atá á thabhairt agaibh don oifig nua seo. Is í an turasóireacht a choinneoidh an geilleagar beo beathach sa tír seo, agus i gConamara. Go n-éirí go geal libh.

Nóta chuig an Aire Ó Cuív: Is ar thograí mar seo is fearr airgead na Roinne a chaitheamh, a Aire. Sin mo thuairim. Cén mhaith atá in ionstraim reachtúil as Gaeilge don té nach léifidh go brách í? Sin mo cheist.

.

2 comments:

  1. D`fhan mé ag Briseadh na Carraige san Spidéal oíche Dé hAoine.Bhí mé ar déanamh an scrudú do Theastas Eorpach na Gaeilge an lá dar gcionn.Bhí bean an tí go h-an dheas agus Gaeilge líofa á labhairt aici liom an t-am ar fad.Beidh mé ar áis, is seód iontach í Conamara.

    ReplyDelete
  2. Agus beidh fearadh na fáilte romhat, a chara!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.