Saturday, April 18, 2009

Ryanair – Géar ar Gheir!

Tá mé rud beag ramhar. Is maith atá a fhios agam é. Cloch go leith sa bhreis mar chomhluadar liom chuile áit a dtéim. An diabhal rud. Agus tá a fhios agam go rómhaith cé as ar tháinig sé. An diabhal rud. Ach, orm féin an locht, agus is maith atá a fhios agam é.

Mar sin, chuir sé iontas orm, agus mé ag éisteacht leis an nuacht ar an teilifís inné, urlabhraí pháirtí éigin (ní cuimhin liom cén páirtí ná cén stáisiún) agus í ag maíomh gur ‘discrimination’ a bheadh ann dá mbeadh Ryanair Géar ar Gheir mar, agus seo go díreach mar a dúirt sí é más buan mo chuimhne, “they can’t help being fat!”.

Mar sin, a léitheoir, an chéad uair eile a chuirfear i mo leith go bhfuilim ramhar, beidh mé ag glaoch ar mo dhlíodóir, nó ar mo dhochtúir b’fhéidir…

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.