Wednesday, April 15, 2009

Dóchas

Má tá drochghiúmar ort inniu, agus mura miste leat na cláir réalacha, caith súil ar http://www.youtube.com/watch?v=7gHvATmUsSg&feature=related agus ar http://www.youtube.com/watch?v=9lp0IWv8QZY am éigin. Níor chóir go ndéanfaidh siad aon dochar duit, agus b’fhéidir go ndéanfaidh siad maitheas duit.

Is maith liom féin na cláir seo, agus bíonn deacracht ag daoine ar m’aithne leis sin go minic. Ní hé go gcaithfidh mé chuile chlár acu a fheiceáil, agus go minic ní fheicim iad ar chor ar bith, ach ní chasfainn as an teilifís dá mbeadh ceann acu ar siúl. Agus tá fáth leis sin. Sna cláir seo, feicfimid an meon atá ag daoine áirithe; na brionglóidí agus an dóchas atá acu i leith an tsaoil, bíodh na brionglóidí sin ciallmhar nó ná bíodh. Is cuma. An rud atá ciallmhar i mo shaolsa, ní dhéanfaidh sé ciall do dhaoine eile b'fhéidir, agus is mar sin atá, agus a bheas go brách is dócha.

Is cuimhin liom go maith an oíche a bhfaca mé Jade Goody ar Big Brother den chéad uair. Chonaic mé dumb blonde, mar a deirtear, agus níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a bhain sí a héadaí di os comhair an domhain mhóir. Ach ní raibh tuiscint ar bith agam ar chúlra na mná seo, agus dá mbeadh, ní bheinn leath chomh cliste le mo thuairim. Tuilleadh faoin ábhar seo ar ball.

2 comments:

  1. A Áine, chonaic mé an bhean sin Susan Boyle an oíche faoi dheireadh... bhí sí ar fheabhas. Ní fhaca mé an bheirt Ghréagach... go raibh maith agat, bhí sé an-ghreannmhar ar fad! Bhí scaifte damhsóirí ann an oíche chéanna agus caithfidh mé a rá nach bhfaca mé damhsa níos fearr le mo bheo. Bhí an amaíocht níos cruinne ná Riverdance fiú!

    ReplyDelete
  2. Seo chugat iad, a Sheáin:
    http://www.youtube.com/watch?v=6GrOMLylvhQ&feature=related

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.