Friday, April 10, 2009

Ag bogadh!

Beidh mé libh gan mhoill. Idir an dá linn, a léitheoir nó dhó, caith súil ar http://miseaine.blogs.ie/ más mian libh. Seanbhlag liom atá ann, ach tá ábhar léitheoireachta ann mar sin féin, más suim libh a leithéid d'ábhar.

Bíodh siad suimiúil nó ná bíodh, is mar sin a bheas mo smaointe á roinnt agam ar an mblag seo freisin. Níl uaim ach an Ghaeilge a choinneáil beo beathach, agus mo chuid a chur leis an gcumarsáid spleodrach atá ag dul ar aghaidh sna blaganna gaelacha ar an idirlíon i láthair na huaire.

Go dtí sin, seo chugaibh dán beag a scríobh mé, le go dtuigfidh sibh rud beag faoin smaointeoir seo:

Cé?

Cé a dúirt liom a theacht anseo
Raibh rogha agam le mo chruth
An mé a phioc mo chorp mo cholainn
Súile srón fireann baineann

Cé ag a raibh an smaoineamh breá
Cé a roghnaigh athair is máthair
Aintín uncail iníon mac
Col ceathrar cúigear seisear seacht

Leo siúd atá anois i m’ shaol
Bhí an roghnóir iontach fial
Tá gaolta ‘s cairde chuile áit
Baile cathair contae stát

Gaolta a tháinig romham go tiubh
Meascán cairde bán is dubh
Cuid níos óige cuid níos sine
Cuid a d’fhan ‘s cuid a d’imigh

Daoine a thaitníonn liom go mór
Sheasfainn leo go deo na ndeor
Cuid nach bpiocfainn féin go brách
Raibh gá leo siúd a roghnóir chách!

An méid sin ráite tá mé sásta
Gur tháinig siad le grá is grásta
Go gcaithfidh mise glacadh leo
Fad is atá muid uile beo

Níl freagra agam ar mo cheist
Ach glacaim leis an seans an deis
Mo shaol a chaitheamh in onóir ‘Cé’
A chuir le chéile an duine ‘Mé’

3 comments:

  1. An-deas a Áine! Léigh mé dán eile de do chuid i measc na bhfógraí ag an ollscoil i nDoire tá cúpla bliain ó shin... agus thaitin sé go mór liom. Bhfuil cóip de sin agat go fóill?

    ReplyDelete
  2. Cén ceann sin, a Sheáin? 'Feallaire' an ea?

    ReplyDelete
  3. A Áine, bhí rud éigin ann faoin ábhar an chúrsa agus rialacha na gramadaí, más buan mo chuimhne?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.