Showing posts with label faisean. Show all posts
Showing posts with label faisean. Show all posts

Friday, June 11, 2010

Say Cheesey

A bhuí le trácht ar ábhar eile, nach mbaineann ar chor ar bith leis an ábhar seo, trácht a d’fhág Dennis ar bhlag Dhubhaltaigh maidir le Twitter Lit, tháinig mé ar an liosta seo, The 50 Worst Inventions, ag bun an leathanaigh sin ar time.com.

Bhuail uafás nach beag Síog nuair a thaispeáin mé físeán an Pet Spa dó, agus táim beagnach cinnte gur chuala mé na focail ‘dual amadáin!’ uaidh nuair a chonaic sé an Snuggie for Dogs.

Blianta ó shin, fuair mé an CueCat, saor in aisce, ó mo dheirfiúr i mBostún, ach níor bhain mé úsáid riamh as. ‘Nuff said, mar a deir an Béarla.

Maidir leis na ‘Phone Fingers’, níor chuala mé iomrá riamh orthu, agus ní nach ionadh. Cuirim iadsan, Farmville, agus Venetian Blind Sunglasses isteach i gcatagóir ar leith. An bhfaca mé na focail ‘style morons’ nó 'utterly pointless and functionless accessory' scríofa áit éigin san alt sin ar an idirlíon?

Níor bhain mé féin úsáid as Crocs, ná as Hair in a Can riamh, cé go nglacaim leis go bhfuil daoine ann a bhainfeadh, agus a bhaineann. Tá an ceart sin acu. Níl aon dlí ina n-aghaidh, agus ní dóigh liom gur diamhasla atá iontu, ach an oiread. Ceapaim.

Ní cheapaim go gcuirfeadh na Subprime Mortgages aon ‘smile’ ar éadan an Dubhaltaigh, ná ar éadan go leor daoine eile sa tír seo, ach an oiread. Maidir le Clippy, chuir an diabhal sin mise ar mire go mion minic thar na blianta, cé go gcaithfear a admháil go raibh ‘smile’ deas ag an gcréatúr.

Go deimhin, más mian leat anailís a dhéanamh ar do ‘smile’ féin, a léitheoir, is dócha go bhféadfá fios a chur ar bhogearraí ón tSeapáin, agus do Smile Check féin a dhéanamh chuile mhaidin...;-)
.

Thursday, May 20, 2010

Cód na gCnaipí

Is iondúil nach mbíonn a fhios agam céard atá ‘cool’ na laethanta seo. Mar sin féin, thug mé faoi deara, agus mé sa phríomhchathair ag an deireadh seachtaine, go bhfuil nós nua tagtha i bhfaisean, agus is iad na buachaillí atá páirteach ann, feictear dom.

Caitheann siad geansaithe v-mhuiníl, rud nach bhfuil neamhghnách, cloisim uait, ach más rud go bhfuil tú ag iarraidh bheith ‘cool’ agus i bhfaisean, agus más rud go bhfuil tú idir 7 agus 13 bliain d’aois, caithfidh an v-mhuiníl ort bheith bán agus, beagán cosúil leis an gceann bán anseo, ach le dath éagsúil ar imeall an mhuiníl, agus dath eile, nach ionann agus dath an mhuiníl, ar imeall na muinchillí. An bhfuil bhur dtuiscint liom fós, a léitheoirí?

Maith sibh! Anois, ‘sé mo thuiscint go mbíonn, ag na buachaillí óga atá ‘with it’, mar a déarfá, go mbíonn dhá chnaipe ar a ngeansaí, ach le bheith iontach cool ar fad, is fearr trí chnaipe a bheith ar an ngeansaí, an dtuigeann sibh. Tá na nithe seo iontach tábhachtach. Níl idir an ‘cool’ agus an ‘iontach cool’ ach cnaipe amháin, deirtear liom.

Go deimhin, tá buachaillí móra ann, agus níl siad ‘with it’ in amanna, shílfeá. B'fhéidir nach dtuigeann siad cód na gcnaipí...
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.