An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bhí dearmad glan déanta agam orthu, ach tá a leithéid d’áit ann agus an tIonad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí.
Sea, tá siad
ann. ‘
Should there be a major national emergency, the 'National Emergency Co-ordinating Centre' will depend on hundreds of small but vital cogs throughout the nation’, le muid a choinneáil ar an eolas agus
up-to-date, is dócha. Beimid in ann brath orthu siúd le haire mhaith a thabhairt dúinn, agus stuif mar
iodine tablets a dháileadh orainn, seans.
Ní gá dúinn imní ar bith a bheith orainn, a léitheoirí, beidh siadsan
ansin ar a gcapaill bhána, ár dtabhairt slán ón anachain, má tharlaíonn ‘
A terrorist strike, Sellafield, a flu pandemic…’ ná a dhath mar sin.
Bhuel, beidh formhór na ndaoine sa tír slán sábháilte faoina gcúram, más fíor. Tá tú i bponc más rud go bhfuil tú i do chónaí i nDún na nGall, a léitheoir, mar is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta acu orainn. Ní haon ionadh go ndearna mé féin dearmad orthu. Tá mé i mo chónaí sa
Forgotten County.
.