Showing posts with label dúch dearg. Show all posts
Showing posts with label dúch dearg. Show all posts

Tuesday, January 4, 2011

Ríluachmhar

Lá Nollag a tháinig an glaoch, um thráthnóna. Bhíomar inár suí sa chistin, bricfeasta deireanach ite againn, na bronntanais uilig oscailte.

D’aithin mé an guth ar an nguthán ar an bpointe. Cara m’iníne a bhí ann, cailín atá ag obair san India i láthair na huaire, cailín a shuigh go mion minic chun boird leis an gclann a bhí ina suí chun boird an mhaidin sin.

‘Happy Christmas!’ arsa sí go gliondrach, cé gur airigh mé uaigneas an deoraí ina beannacht.

‘It’s evening time here…’ a dúirt sí, '...and I was standing by the banks of the Ganges, thinking of you all, so I just lit a candle, and sent it floating down the river, for all of you today.’

Shamhlaigh mé an cailín álainn sin, í na mílte míle óna baile dúchais, í ina seasamh taobh leis an nGanges ag cuimhneamh orainne, í ag lasadh coinnle dúinn agus á cur, le cion, ag snámh ar abhainn i bhfad i gcéin.

Agus mé ag breathnú amach ar an abhainn a ritheann ar chúl tí s’againne, is é an smaoineamh a rith liom agus mé ag éisteacht léi ar an bhfón, ná gurbh álainn amach is amach, agus gur ríluachmhar, an bronntanas a thug sí dúinn an mhaidin úd.
.

Monday, September 13, 2010

Cá Bhfuil Mé?

San áit seo, táim i mo shuí go ceochánta faoin gclúid, tá leaba bhrothallach agam, tá caoi mhaith orm, táim ar mo chompóirt, táim cluthmhar anseo, táim ar mo chraoibhín, ar mo chúilín seamhrach, ar mo thúilín tseabhrach, faoi dhídean dheas mhothallach, tá saol sámh agam, tá sáimhríocht anseo, tá saoráid mhór agam, táim i nead sheascair, táim ar mo shocracht, táim chomh té le luichín i stáca.

Tearmann teochroíoch, crios cluthar, ciorcal cosantach, dídean dhíonach? Céard a thabharfá féin ar an áit sin ina bhfuilim anois?
.

Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

Thursday, July 2, 2009

Nathanna Cainte

Mar a dúirt mé cheana ar an mblag seo (‘Slí na Gaeilge’, 2 Bealtaine), athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, mé ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Go minic, ní mise a thugann faoi deara iad, ach duine de mhná na súl géar. Nílim leath chomh cliste leosan, an dtuigeann sibh.

Ar aon nós, chuir mé ríomhphost chuig an Dómhnallach an lá cheana, rud a dhéanaim go rialta nuair atá focal nó frása dúchasach uaim, agus is minic gurb é toradh na ríomhphost sin ná comhrá uair nó dhó an chloig ar an bhfón, mar ar tharla inné. Tá an bille sin i bhfolach ón nGarraíodóir freisin.

Cuirim an locht ar Dhiarmaid Mac An Adhastair an geábh seo. Bhí sé i gcomhrá le Donncha ar TG4, ar an gclár 'Cladaigh Chonamara', oíche Dé Máirt. Ó tharla iad ag caint ar an droichead idir Béal an Daingin agus Eanach Mheáin, mo cheantar féin, bhí mé greamaithe den suíochán, ag éisteacht le chuile fhocal as béal Dhiarmada. Agus amach as an mbéal sin tháinig na focail “shaothraigh siad an dá shaol”, nath ar thuig mé a chiall ar an bpointe ach nár chuala mé riamh roimhe. Níos faide isteach sa chlár, dúirt Donncha ‘an dá mhar a chéile’, nath cainte a chuala mé cheana, ach nár úsáid mé féin riamh.

Isteach liom ag an ríomhaire ar an bpointe, ar fhaitíos go ligfeadh m’aois i ndearmad an méid a bhí cloiste agam, agus d’iarr mé, trí ríomhphost, samplaí comhthéacsúla ar an Dómhnallach. Mar is iondúil, chuir m’iarratas chuici le mo bhille fóin arís, ach chuir sé go mór le mo stór focal freisin, bail ó Ché ar an mbean uasal sin. Tá a fhios agam anois go raibh saol an-chrua ag an té a ‘shaothraigh an dá shaol’, cé nach bhfuil a fhios agam, go baileach, cén dá shaol atá i gceist – an saol crua, agus an saol an-chrua b’fhéidir?

Is ‘much of a muchness’, nath cainte atá coitianta go maith sa Bhéarla, an ‘dá mhar a chéile’, nó, mar atá in FGB Uí Dhónaill, leathanach 217, ‘Is é an dá mhar a chéile é’ i.e. ‘It is the same thing’, nó, mar a chuir an Dómhnallach i gcomhthéacs dom é, ‘’Sé an dá mhar a chéile dom é’, sé sin, ‘It’s all the same to me’. “D’fhéadfá ‘dhá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla’ a úsáid freisin, is dócha, sórt 'fools seldom differ' atá ann.” a dúirt sí. ‘Like master, like man’ an míniú a thugann FGB, leathanach 82, ar an gceann sin.

Tá sé de nós ag an Dómhnallach nathanna cainte eile a roinnt liom, í á dhéanamh sin go nádúrtha agus í ag labhairt liom ar an bhfón. Ní gá a rá go léimim isteach i dtobar a dúchais chomh luath in Éirinn agus a chloisim nath cainte nua uaithi, agus bíonn deireadh le cibé ábhar eile a bhíonn faoi chaibidil againn, go dtí go bhfaighidh mise lán mo bholg d’eolas faoin nath cainte nua. Ar ndóigh, ní chreideann sise go nathanna cainte iad, mar go bhfuil siad go nádúrtha aici, ach is nathanna cainte úra domsa iad, bean an Bhéarla. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Ar aon nós, agus í ag insint dom faoi shladmhargadh éigin ar an bhfón inné, dúirt sí liom gur iarr sí ar fhear an tsiopa “An bhfuil siad ar ‘ardaigh orm’?”. Dar ndóigh, b’shin deireadh le scéal an tsladmhargaidh mar gur thosaigh mise ag tumadh sa tobar dúchais arís, agus á ceistiú faoin nath cainte nua 'ardaigh orm' a thit ar mo chluas. “‘Fuair mé ar ‘ardaigh orm’ é.”, sé sin ‘I got it for next to nothing’ nó mar sin.” a dúirt sí liom., “Sórt ‘brilliant sale' nó 'bargain’ a bheadh ann.” a dúirt sí. Bíonn a leithéid le fáil i nGaillimh go minic, is cosúil. Na ‘sales’ agus na ‘bargains’.

Ar aon nós, chuaigh mé ag tumadh ansin in FGB agus siúd ann é, an nath cainte, chan Niall é féin, ar leathanach 59, ‘Fuair sé ar ‘ardaigh orm’ é, he got it for half nothing.’. Anois, céard a déarfá le Gaillimh! Thug mé faoi deara go raibh ‘ardaigh orm agus ardóidh mé ort’ scríofa ar an leathanach céanna. ‘You help me and I will help you'. Ní gá a thuilleadh a rá, a léitheoirí.
.

Wednesday, April 29, 2009

Dúch Dearg

Feicimse an saol ar bhealaí éagsúla. M’anam, déarfadh mo pháistí gur ar bhealach iomlán éagsúil a fheicim rudaí. Is minic “You’re not normal, Mum” cloiste agam uatha, ach i gcomhluadar an ráiteas sin bíonn buíochas agus barróga i gcónaí. An chuid is mó den am, ceapaim…

Ar aon nós, feicimse mo chairde agus peann le dúch dearg ag chuile dhuine acu. Is ón bpeann meafarach sin a thagann na focail chomhairleach a roinneann siad liom go rialta. In amanna, iarraim an chomhairle sin uatha ach, in amanna eile, go háirithe nuair nach bhfeicim féin go mbíonn comhairle de dhíth, bíonn orthu greim a fháil ar pheann an dúigh dheirg agus an chomhairle sin a roinnt liom. Ar mhaithe liom féin a dhéantar sin, agus is maith atá a fhios agam é, a chairde dile.

Cé go bhfuil an dúch dearg, tá sé cineálta agus cairdiúil, go háirithe más focail chrua, ach focail riachtanacha, atá le roinnt. Nár laga Ollmháthair na Cruinne mná na bpeann dearg.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.