Showing posts with label Seáinín Smaoiseach. Show all posts
Showing posts with label Seáinín Smaoiseach. Show all posts

Tuesday, November 3, 2009

Seáinín Smaoiseach ag an Oireachtas

Tharla sé go raibh an fear dathúil greannmhar sin, Seáinín Smaoiseach, ag an Oireachtas, agus bhuaileamar lena chéile, anois is arís.

Chuir mé ceist air an raibh aon diabhlaíocht eile ag dul ar aghaidh aige na laethanta seo, neamhaird iomlán a dhéanamh agam den bhlonde lena thaobh, cé go bhfuil aithne mhaith agam ar an mblonde chéanna. Bhí jab le déanamh agam, ar bhur son, a léitheoirí, agus ní raibh am le cur amú agam, an dtuigeann sibh.

Bhí sé ag caint le go leor daoine, Tadhg ina measc. Creidim féin go raibh sé ag éisteacht go géar le focail Thaidhg, le go mbeadh sé in ann aithris a dhéanamh orthu arís, am éigin amach anseo. Ar ndóigh, b’fhéidir nach raibh, ach bhí a chluasa géaraithe go maith aige, mar sin féin.

M’anam, a léitheoirí, nach bhfuil físeán eile curtha le chéile aige. Diabhlaí na rudaí a bhíonn ag dul ar aghaidh ag lucht Nuacht TG4 …



.

Wednesday, October 28, 2009

Ag Teacht agus ag Imeacht

Ná fiafraigh díom céard a choinnigh ón mblag mé ón Aoine, ach níor éirigh liom deis a fháil bualadh isteach chugaibh arís go dtí inniu, cé gur éirigh liom na blaganna eile a léamh, ó am go chéile.

Deas an rud Míshásta a fheiceáil ag scríobh arís. D’airigh mé uaim a mhíshástacht, ach is léir, ar chuma ar bith, nár chaill sé í.

Tá clár an Oireachtais íoslódáilte agam. Beidh mé, má fhágtar mo shláinte agam, ag freastal ar sheoladh leabhair Phroinsias ar an Aoine, agus mé ag súil go mór le casadh le mo chomhbhlagálaí don chéad uair, agus le haon chomhbhlagálaí eile a bheas ann. Cuirigí sibh féin in aithne dom, má aithníonn sibh ann mé.

Ó tharla é molta go hard na spéire ag Aonghus, beidh mé ag breathnú ar Chompántas Drámaíochta Salamandar, le Darach Mac Con Iomaire mar stiúrthóir acu, ag cur an dráma nua le Darach Ó Scolaí, An tSeanbhróg, i láthair san Ionad Cultúir Réigiúnach i Leitir Ceanainn, ar an Aoine freisin.

Beidh mé ag friotáil thart ar Leitir Ceanainn amárach, Déardaoin, chomh maith céanna, mar go bhfuil cúpla rud eile ar chlár an Oireachtais atá mo mhealladh.

Ag caint ar mhealladh, seans go mbeidh mé ann ar an Satharn freisin, mar chuala mé go mbeidh Seáinín Smaoiseach ann an lá sin, agus níor mhaith liom gan bualadh leis. Tá sé iontach dathúil, an dtuigeann sibh, agus is dóigh liom go mbeidh orm na mná eile a bhrú as mo bhealach chuige.

Ah bhuel, tá smideadh ann a dhéanann bean óg den tseanbhean, deirtear…
.

Friday, October 23, 2009

Seáinín Smaoiseach

Tá an diabhal sin ag spochadh as an dream i TG4 arís!

Tá na 'focail mhóra' sin ann, a léitheoirí, agus bígí ag súil leo, má éisteann sibh leis.


.

Thursday, September 3, 2009

Blaiseadh eile de Sheáinín Smaoiseach

Tá an fear sin, Seáinín Smaoiseach, ag útamáil leis, agus seo toradh eile uaidh.

Bí airdeallach, tá na focail mhóra sin ann, mar is iondúil leis an diabhal. Seáinín, chan Tadhg!
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.