Wednesday, December 1, 2010

Fíor-réaltacht

Leag sí a cloigeann ar mo ghualainn, mar a bheadh meáchan a smaointe, an easpa tuisceana, róthrom. Thit a deora ina dtuilte, agus bhris mo chroí di.

‘I can’t believe he’s gone.’ a dúirt sí.

Bhí mé ar chomhaois léi an t-am a bhásaigh m’athair féin, agus d’airigh mé arís an phian sin a thagann le bás tobann tuismitheora, go háirithe nuair nach mbíonn comhartha tinnis ná rabhadh ann roimh ré.

Anocht, tá dlúth-theaghlach scriosta ag drochscéal a tháinig aniar aduaidh orthu aréir.

Anocht, agus mé ag breathnú ar Prime Time, drochstaid na tíre seo, arís eile, faoi chaibidil ag an bpainéal ann, is leis an dlúth-theaghlach sin atá mo thrua. Ní féidir an bás, ná buairt an bháis, a sheachaint.
.

3 comments:

  1. Táim cinnte de, a Áine, go mbeidh tú in ann cabhrú go mór le do chairde. Go dtuga Dia faoiseamh daoibh.

    Ar dheis Dé go raibh anam an duine dhíl.

    ReplyDelete