Sunday, May 16, 2010

In Ainm Cé?

Tharla sé go raibh mé féin agus An Bhean Neamhspleách i séipéal le déanaí, an bheirt againn ag freastal ar ócáid ag a raibh duine muinteartha linn ag glacadh comaoineach den chéad uair.

Bhí an ócáid á ceiliúradh i nGaeilge, teanga nach bhfuil ar a toil ag m’iníon, ach thuig sí formhór dá raibh ar bun, mar sin féin, mar is ionann an searmanas, is cuma cén teanga atá á labhairt ag an Aifreann.

Cibé scéal é, bhí na páistí uile go hálainn, na paidreacha á rá acu, agus á gcanadh acu, an lucht féachana agus an cór álainn ag glacadh páirte, nuair ba chóir.

Leath bealaigh tríd an Aifreann, sheas cailín beag ar an altóir léi féin, agus thosaigh sí ag gabháil fhoinn. Táim cinnte gur stop na héin ar na crainn taobh amuigh den séipéal lena gcantain féin le héisteacht léi, bhí a glór chomh binn agus chomh séimh sin. Bhíomar uile faoi dhraíocht aici sa séipéal.

Ar aon nós, d’ardaigh mo chroí lena glór, agus is léir gur tharla amhlaidh le go leor daoine eile sa lucht éisteachta, mar chomh luath agus a chríochnaigh amhránaí an ghlóir bhinn a hamhrán, thosaíomar uile ag bualadh bos.

Leis sin, sheas an sagart ag an maidhc, agus i dteanga nach raibh gá dom a aistriú don Bhean Neamhspleách mar gur as Béarla a dúradh é, d’iarr sé orainn gan bheith ag bualadh bos, lenár dtoil, ‘It’s not fair. It’s a prayer’, ar seisean.

Choinnigh mé greim maith ar théada mo chroí ina dhiaidh sin, ar fhaitíos go n-ardódh an croí céanna arís i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh, agus go dtosódh mo lámha ag bualadh a chéile dá thoradh sin, rud a dhéanann siad go rialta nuair a bhíonn áthas orthu, na diabhail lámha!

Mar a tharla sé, ag deireadh an tsearmanais, d’iarr an sagart orainn, as Gaeilge, bualadh bos a thabhairt do na páistí, agus nuair a thosaigh mé á dhéanamh sin, chuala mé ‘Mum, you’re not allowed to clap!’ ag teacht ón mbean le mo thaobh, bean nár thuig go raibh cead faighte agam ón sagart bualadh bos a thabhairt, an geábh seo.

Agus srianta á gcur aige ar ár mbuíochas, is dóigh liom nach raibh i gceist ag an sagart ach go mbeadh an bualadh bos á roinnt go cothrom ar na páistí uile, ag an am céanna, ag deireadh an tsearmanais, seans, sa gcaoi go mbeadh chuile pháiste san áireamh inár mbuíochas, bíodh páirt bheag nó páirt mhór acu sna himeachtaí ar an altóir.

Mar sin féin, agus mé i mo shuí ag ócáid ina raibh a bhás agus a bheatha á gceiliúradh, shílfeá, is é an smaoineamh a rith liom féin maidir leis na srianta lámh agus croí, ‘Céard a cheapfadh Íosa?’.
.

6 comments:

  1. Ceist deacair a réiteach. Ní maith liom féin bualadh bos san Eaglais le linn liotúirge; mar is thar ar ceann uilig atá pé duine atá ar an altóir ag feidhmiú, seachas mar oirfideach ag tabhairt pléisiúr do lucht éisteacha.

    Tuigim don ardú croí agus an cur thar maoil ina bhualadh bos; tuigim don sagart freisin, áfach.

    ReplyDelete
  2. Faighim 'pléisiúr' as an rud atá nádúrtha álainn, a Aonghuis.

    ReplyDelete
  3. Mise freisin; ach i gcás liotúirge, rud tánaisteach atá ann. Ní théim ar Aifreann - fiú más Aifreann ceolmhar atá ann, ar mhaithe leis an ceol. Ní shin le rá nach mbainim pléisiúir as an gceol - déanaim gan amhras. Ach bheadh drogall orm bualadh bos, mar a dhéanfadh ag ceol choirm, a thabhairt le linn searmanas. Nílim á chuir seo i bhfocail go ró mhaith, is eagal liom.

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir nach mothaíonn tú an pléisiúr céanna ón searmanas, a Aonghuis, an cinéal pléisiúir sin a chuireann fonn ar dhuine bualadh bos a thabhairt nuair a chloiseann siad an rud nádúrtha álainn sin a thagann ó do Dhia féin, deirtear i.e. glór binn an pháiste, mar shampla.

    Sin fáth mo cheist 'Céard a cheapfadh Íosa'. Má chreidtear an méid atá scríofa faoi, is dóigh liom go mbeadh sé féin ag bualadh bos linn ar an lá, agus nach í foirmiúlacht, ná srianta, na heaglaise a bhí i gceist aige do pháistí lena bheo.

    ReplyDelete
  5. Bhíos i láthair ag Aifreann i mBaisleac Pheadair sa bhliain 1980 agus bhí sé cosúil le ceolchoirm uaireanta le bualadh bos srl. Agus an Pápa féin a bhí i mbun an Aifrinn!

    ReplyDelete
  6. Cinnte, ní dhéanfadh sé 'issue' de ag rá nár chóir do dhaoine a bheith ag bualadh bos i ndiaidh don bhualadh bos tarlú!

    ReplyDelete