Tá go leor sna meáin faoi na Head Shops le déanaí. Sna nuachtáin, agus ar an raidió, lena mbím ag éisteacht go minic na laethanta spíonta seo.
Bhí bean amháin, a hainm Mé Ní Chuala, bean atá ag obair i gceann de na Head Shops seo i mBaile Átha Cliath, más fíor, agus bhí sí ag caint ar an raidió lá. Agus í ag tagairt do dhrugaí, dúirt sí ‘we grew up with it, it is part of our society...part of what we are…’.
Chuir sé comhrá eile i gcuimhne dom, comhrá a bhí agam le m’athair, timpeall 30 bliain ó shin, nuair nach raibh mise ach fós i mo dhéaga. Bhíomar ag breathnú ar an nuacht ar an teilifís, ar RTÉ, mar nach raibh againn ach an cainéal sin ceapaim, agus bhí an láithreoir ag labhairt le Tony Gregory, más buan mo chuimhne.
Labhair Tony faoi fhadhb na ndrugaí i mBaile Átha Cliath, agus cé nach cuimhin liom focal ar fhocal céard a dúirt sé, tá a fhios agam go ndúirt sé go gcaithfeadh an rialtas dul i ngleic le fadhb na ndrugaí gan mhoill, nó go rachadh an scéal i mBaile Átha Cliath in olcas. Dúirt polaiteoir éigin ón rialtas, lenar labhair an láithreoir ina dhiaidh sin, nach raibh sa méid sin ó Tony ach seafóid, nó focal éigin mar sin, nach raibh an fhadhb chomh dona sin, ‘at all, at all.’
‘Who do you believe?’ a d’fhiafraigh mé de m’athair.
‘Well Tony Gregory lives there, right in the centre of it all, so he must know what he is talking about.’ arsa m’athair,
Agus, bhí an ceart aige. Fuarthas an fhainic, ach ní bhfuair sí éisteacht, ná fiú leath-éisteacht ag an am, shílfeá. Dá thoradh sin, tá an fhadhb anois mar ‘part of our society, part of what we are…’
.
Ó thaobh na ndrugaí de ní thuigim nach bhfuiltear in ann dlí a dhréachtú i gcoinne na ndrugaí gan bealach éalaithe dlíthiúil a bheith ann do na huirlisí a bhaineann leo.
ReplyDeleteTá go leor nach dtuigim féin, a Ormondo...:-)
ReplyDelete