Nuair a dhúisigh mé ar maidin, d’airigh mé iontach buartha agus bhí a fhios agam gur lá brónach a bheadh ann, ceann de na laethanta sin a bhíonn rud beag níos measa ná na cinn eile a bhíonn agam go rialta ó bhásaigh mo dheirfiúr, Ciara. Níl a fhios agam cén fáth a dtarlaíonn sé sin. An é go mbím ag brionglóidí fúithi i ngan fhios dom féin i rith na hoíche, agus go bhfuil a spiorad fós liom nuair a dhúisím? Níl a fhios agam.
Ar aon nós, nuair a thagann na laethanta sin sa mhullach orm, mar a tharla ar maidin, leanaim ar aghaidh leis an lá mar is iondúil, ach rud beag níos moille, b’fhéidir, mar is ualach trom iad na deora nuair nach scaoiltear iad. Déanaim cupán caife, léim mo ríomhphoist agus léim na blaganna éagsúla.
Ar maidin, bhí scéalta brónacha romham ar bhlag eoghanach.blogspot.com (Brón ar an Bhás, Ar an Ordóg) agus ar bhlag oileanach.blogspot.com (Go raibh tú sona anocht, a Jessica) agus tháinig na deora go tréan agus mé á léamh. Ní raibh an t-ualach chomh trom ina dhiaidh sin. Ní hionann an brón a airíonn muid uile, mar nach ionann an caillteanas ar ndóigh, ach is ionann fáth na ndeor – buairt.
Scríobhaim nuair a bhím brónach, agus mé ag iarraidh ciall a dhéanamh den bhuairt. Seo thíos dán a tháinig chugam an mhí seo caite, de thoradh na scríbhneoireachta sin, de thoradh na buartha.
Toradh
Leáfaidh na scamaill
Titfidh na deora
Rithfidh an sruth
Trí mo mhéara
Síos mo chorp
Trí chraiceann na talún
Síos sa gcré
Síolóidh siad
Fásfaidh siad
Sábhálfar iad
Agus slogfaidh duine éigin eile
An brón atá mo thachtadh
.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Maith thú. Sin an fáth go scríobhann mórán dínn - chun cúrsaí a chur trí chéile is a thuiscint ar shlí éigin. Teiripe de shaghas éigin é, is dócha.
ReplyDeleteAm éigin amach anseo, bheinn an-sásta dánta de do chuid a fháil do An Gael.
Go raibh maith agat, a Shéamais.
ReplyDelete