tag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post2457355427606032345..comments2023-05-26T12:52:20.089+01:00Comments on Mise Áine: Laochra Ár LinneMise Áinehttp://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-46523211063457272702010-10-14T14:23:40.161+01:002010-10-14T14:23:40.161+01:00Fearacht gach rud eile, is mithid tús a chuir leis...Fearacht gach rud eile, is mithid tús a chuir leis an leasú linn féin, ansin ár gcúram, ansin ár gcomharsan, agus mar sin de.

Ní bheadh aon teachta sa Dáil murach go gcreideann sciar suntasach den bpobal gurbh lena leas é bheith ann.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-87961602599874874832010-10-14T14:21:30.839+01:002010-10-14T14:21:30.839+01:00@ 'Daonlathas níos daonlathaí, níos fairsinge,...@ 'Daonlathas níos daonlathaí, níos fairsinge, atá á mholadh agam.'

An bhfuil áit ina bhfuil a leithéid de choras i bhfeidhm cheana, agus an bhfuil ag éirí leis?

@ 'Ach cibé a vótáiltear isteach is beag athrú a dhéanfadh sé.'

Bhabha! Táimid i bponc más rud nach fiú aon mhaitheas ár vóta, a Dhubhaltaigh! Céard eile ar féidir linn a dhéanamh, mura ndéanfadh an vóta aon mhaith?

@ 'bhí a gcuid tacaíochta bunaithe ar an méid a bhain siad amach dá gceantar'

B'fhéidir gur ansin atá an fhadhb.

Más rud go bhfuil na polaiteoirí uilig ag obair ar mhaithe lena gceantar féin amháin, an rachadh a leithéid chun leasa na tíre ina iomláine?

Agus ná labhair liom orthu siúd atá ar mhaithe leo féin amháin! Is léir go bhfuil vótaí á bhfáil acu sin, freisin.

Deacair na nithe seo uilig a thuiscint...Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-6408691844690616032010-10-14T13:59:35.068+01:002010-10-14T13:59:35.068+01:00Dá mbeadh an pobail dáiríre ina aghaidh sin, dhéan...Dá mbeadh an pobail dáiríre ina aghaidh sin, dhéanfaí rud éigin ina choinne.

Ach, monuar, fiú daoine fiúntacha mar Tony Gregory (agus Maureen O'Sullivan anois), bhí a gcuid tacaíochta bunaithe ar an méid a bhain siad amach dá gceantar. (Ní airím bodaigh fearacht Lowry agus Flynn)

Sin, faraor, daonlathas freisin.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-51790026632888011682010-10-14T13:52:13.334+01:002010-10-14T13:52:13.334+01:00"is maith ann don dhaonlathas, i mo thuairim...."is maith ann don dhaonlathas, i mo thuairim."

Ar dhúirt mé a mhalairt?
Daonlathas níos daonlathaí, níos fairsinge, atá á mholadh agam.

"Dá mbeadh toghchán ann amárach, a Dhubhaltaigh, cé dó a vótálfá, cé hé/hí/hiad an daoine sin"

Níl mo mhachnamh déanta agam fós. Ach cibé a vótáiltear isteach is beag athrú a dhéanfadh sé. Go háirithe nuair is féidir le dream amháin an córas a cheannach le haghaidh a leasa féin.

"Is muidne a vótáil,go daonlathach, agus a chuir an rialtas sin isteach, mar sin ní dóigh liom gur meon 'scoilte' atá ag mo leithéid"

Is ea. Tugtar deis, cead, dúinn, gach 5 bliana, dream éigin a vótáil isteach. Bunaithe ar na bréaga a insíonn siad agus na gealltanais nach comhlíonfaidh siad. Iad go léir curtha os ár gcomhair le hairgead óna gcairde gaimbíneach.
I ndiaidh sin is féidir leo a rogha rud a dhéanamh agus gníomhú de réir mianta a dtacadóirí airgeadais.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-67311598516123801882010-10-14T13:24:40.046+01:002010-10-14T13:24:40.046+01:00Tuigim libh, a fheara. Ach is daonlathas atá again...Tuigim libh, a fheara. Ach is daonlathas atá againn, agus dá bhrí sin tá ceannairí agus comhaltaí againn sa rialtas, cinn a roghnaigh muid féin, go daonlathach.

Mar a scríobh tú, a Aonghuis, is daoine iad na mianadóirí, agus a lucht tarrthála, a 'níonn seachas a phléann', agus sin atá uainn i láthair na huaire.

Agus an focal 'laochra' in úsáid agam, is go meafarach atá sé in úsáid agam, a Dhubhaltaigh. Ó tharla gur daonlathas atá againn, bíodh sé 'buirgéiseach' nó ná bíodh, is daonlathas é, agus is maith ann don dhaonlathas, i mo thuairim.

Is muidne a vótáil,go daonlathach, agus a chuir an rialtas sin isteach, mar sin ní dóigh liom gur meon 'scoilte' atá ag mo leithéid, mar shampla, nuair a chuirim an cheist maidir leis an rialtas sin, 'cá bhfuil ár laochra'. Is polaiteoirí a 'níonn seachas a bpléann' atá uainn anois, daoine le 'fís, idéal, agus stuaim'.

Dá mbeadh toghchán ann amárach, a Dhubhaltaigh, cé dó a vótálfá, cé hé/hí/hiad an daoine sin, na daoine ar a dtugaim 'laochra', más meafarach féin é?

@ 'Ní raibh fhios agam gur Béarla a labhraítear sa Síle!'

ASG, a Aonghuis! Ach, is i mBéarla atá sé scríofa san alt as a bhain mé an méid a dúirt sé, agus ní mise a chum! Ná a d'aistrigh, más rud go raibh aistriúchán i gceist...:-)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-34857157421985962222010-10-14T12:09:00.663+01:002010-10-14T12:09:00.663+01:00Cá bhfuil ár laoch?
Ní thiocfaidh laoch chun muid...Cá bhfuil ár laoch?

Ní thiocfaidh laoch chun muid a shábháil. Luíonn an fhreagracht sin le pobal na hÉireann.
Cruthaíonn daonlathas buirgéiseach an saghas scoilte seo i meon na ndaoine go mbeadh sé orthu fanacht do dhuine éigin ar leith, laoch, a réiteoidh a bhfadhbanna. Ochón ó, ach dá mbeadh ceannaire fiúntach againn chun muid a threorú as an bhfaopach bheadh linn.
Is minic a chloistear na laethanta seo "cá bhfuil ár Séamus Ó Conghaile", nó "ár Séamas Ó Lorcáin" nó "ár Máirtín Ó Cadhain" etc?
N'fheadar mé faoi Ó Cadhain ach is cinnte go bhfuil an Lorcánach agus an Conghaileach ag casadh thart ina uaigheanna ag caoineadh má chloiseann siad a leithéid.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-18263564444261552392010-10-14T09:57:31.566+01:002010-10-14T09:57:31.566+01:00Ní raibh fhios agam gur Béarla a labhraítear sa Sí...Ní raibh fhios agam gur Béarla a labhraítear sa Síle!

Ach is daoine gníomhacha na mianadóirí seo: duine a níonn seachas a phléann.

N'fheadar an é sin atá uainn: b'fhearr liom féin ceannaire ciúin stuama a sheachnaíonn na deacrachtaí tré reamh-bheartais seachas an laochra a tharrthálann ar éigin muid ón bpraiseach.

Fís, idéal agus stuaim atá de dhíth orainn anois: earraí atá gann, faraor.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.com