Wednesday, January 5, 2011

Tús Maith?

Tháinig mo cheamara nua sa phost ar maidin. Tá leabhrán eolais leis. Tá 243 leathanach sa leabhrán sin.

Thosaigh mé ag léamh.

1. Getting Started

– this chapter explains preparatory steps before you start shooting and basic camera operations.

Ceart go leor, arsa mé féin liom féin. Tosóidh mé leis an gcéad rud, Attaching the Strap.

Dhá uair an chloig a thóg sé orm an méid sin a dhéanamh.

Tosóidh mé le Attach the Battery amárach…
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.